Ailíniú an N17 Baile an Mhuilinn go Gort na Gonaid
- Naisc ábhartha eile
- N59 Bhaile an Cheantaigh
- Chuarbhóthar Bhaile Átha an Rí ó Thuaidh
- N63 Lios an Choirthe go dtí an Mhainistir
- Ailíniú an N17 Baile an Mhuilinn go Gort na Gonaid
- Scéim Athghiniúna Tuaithe an N83 Dhún Mór
- Díothú IAPS
- Seirbhíse M6
- Mótarbhealach an M17 M18 An Gort / Tuaim
- N59 An Clochán - An Teach Dóite
- N59 Seachbhóthar Mhaigh Cuilinn
- R336 Bearna go Scríb via Ros An Mhíl
Is é a bhaineann le Togra Ailíniú an N17 Baile an Mhuilinn go Gort na Gonaide ailíniú ar réimse 3km de Bhóthar Náisiúnta agus a ngabhann d'oibreacha coimhdeacha leis sin. Carrbhealach singil d'Aicme 1 atá i gceist, suite ó thuaidh de Bhaile an Mhuilinn i gContae na Gaillimhe, le bealach rothaíochta/coisíochta lánscartha ar feadh an bhealaigh ar fad. Tá gach a dtagann i gceist leis an Togra suite i gContae na Gaillimhe, ag síneadh idir na bailte fearainn seo a leanas atá suite siar ó thuaidh díreach ó Bhaile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe – Baile an Mhuilinn, an Cartún, Cluain na Croise, Gort na Lobhra, an Droim agus Gort na Gonaide.
Na Cuspóirí atá leis an Ailíniú Beartaithe
Tá de chuspóir leis an scéim bheartaithe aidhmeanna forghinearálta an rialtais maidir le cúrsaí iompair (Geilleagar, Timpeallacht, Sábháilteacht, Comhtháthú, Áisiúlacht & Ionchuimsiú Sóisialta agus Lúthaíocht) a chur i bhfeidhm in áit faoi leith.
Tá an chuspóir le scéim an N17 Baile an Mhuilinn go Gort na Gonaide ag teacht i gcomhréir leis an treoir a thugtar in TII PAG Aonad 12.0 – Miontograí (€5m - €20m)
- am turais a ghiorrú agus feabhas maidir le hiontuarthacht am turais ar chóras na mbóithre;
- easnamh maidir le huasleibhéil tráchta a leigheas agus am iomlán turais a ghiorrú agus athraitheas maidir le ham turais a mhaolú;
- feabhas a chur ar an infreastruchtúr bóithre maidir leis an gcóras iompair inmheánach idir réigiúin agus taobh istigh de réigiúin;
- feabhas ar chúrsaí sábháilteachta do lucht úsáide uile na mbóithre, lucht coisíochta agus rothaíochta san áireamh, ar chóras na mbóithre náisiúnta agus ar chóras na mbóithre máguaird;
- an ráta eachtraí imbhuailte ar fud chóras na mbóithre náisiúnta a thabhairt faoi bhun an mheánráta náisiúnta;
- feabhas a chur ar chóras draenála na mbóithre agus ar chaighdeán an uisce a théann le sruth trí SUDS a chur i bhfeidhm;
- leas a dhéanamh maidir le hacmhainn iomaíochta earnáil na táirgíochta agus forbairt réigiúnach chothrom a chothú;
- éascaíocht a dhéanamh maidir le bealach chuig na príomhchalafoirt agus na príomhaerfoirt agus é de phríomhchuspóir ina leith sin an tionchar chun dochair a ghabhann le hiargúltacht a mhaolú;
- tairbhe a dhéanamh maidir le polasaithe iompair inmharthanacha, lena ndéantar foráil d'fhorás eacnamaíochta agus d'fhorbairt réigiúnach go leanúnach an tráth céanna a gcinntítear cosaint ardleibhéil don timpeallacht; agus
- maith a dhéanamh maidir le cuspóirí Straitéis Shábháilteacht Bóithre an Rialtais a thabhairt i gcrích i ndáil le hísliú ar líon na ndaoine a mharaítear agus ar líon na ngortuithe troma mar gheall ar thionóiscí bóthair.
An Gá atá leis an bhForbairt Bheartaithe
Pleanáil agus Forbairt
Ó thaobh cúrsaí pleanála, tá an gá straitéiseach agus náisiúnta leis an bhforbairt atá beartaithe ar an mbóthar ag teacht lena leagtar amach i gcuid mhór cáipéisí beartais agus pleananna náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, ar a n-áirítear: -
- Éire 2040 An Tionscadal - An Creat Náisiúnta Pleanála;
- Éire 2040 – An Plean Forbartha Náisiúnta 2018 – 2027;
- Ár dTodhchaí Inbhuanaithe – Creat don Fhorbairt Inbhuanaithe in Éirinn;
- Creat an Pholasaí Náisiúnta Rothaíochta;
- Creat Straitéise maidir le hInfheistíocht sa Chóras Iompair ar Droim Talún (SFILT);
- Taisteal níos Cliste, Todhchaí an Iompair;
- Plean Forbartha Contae na Gaillimhe 2015 - 2021; agus
- Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha do Réigiún an Iarthair 2010 – 2022
Easnamhacht maidir leis an mBóthar mar atá faoi láthair
Tá fad isteach is amach le 3km leis an gcuid de bhóthar an N17 a bhfuil beartaithe forbairt a dhéanamh air. Tá réimsí i gceantair thuaithe agus réimsí i gceantair foirgníochta. Níl trasghearradh an bhóthair mar atá ar chaighdeán sách maith maidir le luasteorainn 100km/uair. Tá meánleithead na lánaí ar feadh an bhealaigh tuairim is 3.0m gan gualainn chrua ar bith, beagán de stráice chrua nó easpa iomlán ina leith sin, ganntanas spáis le ciumhais an bhóthair agus taobhanna an bhóthair géar anróiteach. Fágann sin nach bhfuil an bóthar oiriúnach le húsáid ach amháin le feithicil innill (agus mí-oiriúnach ag lucht coisíochta nó rothaíochta).
Bíonn na tosca sin, aon cheann amháin nó roinnt acu in éineacht, ina gcúis le moill ar thrácht, go háirithe i rith tráthanna buaicleibhéal úsáide. Meastar go dtiocfaidh sábháil ama agus breis sábháilteachta de thoradh ar an bhforbairt atá beartaithe ar an mbóthar.
Leis an ailíniú atá beartaithe, cuirfear carrbhealach singil d'Aicme 1 ar fáil le trasghearradh 12.3m de charrbhealach faoi phábháil agus le bealach rothaíochta/coisíochta lánscartha ar feadh réimse iomlán na scéime.
I bhfianaise oiread agus cineál na tráchta ar bhóthar an N17 faoi láthair, fágann an trasghearradh easnamhach ar feadh mórchuid na réimsí tuaithe den bhóthar baol maidir le sábháilteacht gach duine den lucht úsáide, go háirithe úsáideoirí soghonta. Tá easnamh feiceála i gceist dóibh siúd a bhfuil bealach díreach acu amach ar an mbóthar nó acu siúd a dhéanann bealach ó chóras na mbóithre áitiúla. Fágtar lucht coisíochta agus rothaíochta ar an mbóthar i mbaol mar gheall ar ghnéithe easnamhacha maidir leis an mbóthar mar atá faoi láthair.
Tagann san áireamh leis an bhforbairt bheartaithe ar an mbóthar oibreacha forfheabhsúcháin maidir le hailíniú ar líne/as líne 3.0km le bóthar an N17 mar atá agus forfheabhsú ar 7 gcinn d'acomhail maidir le ceangal bhóithre áitiúla leis an ailíniú atá i gceist. Tugtar san áireamh leis sin cosáin/bealaí rothaíochta a chur ar fáil, feabhas ar línte feiceála ag acomhail agus soilse poiblí a chur ar fáil. Déanfaidh na hoibreacha seo na réimsí easnamhachta a leagtar amach thuas a mhaolú.
Fágann ailíniú cothrománach agus ingearach an bhóthair mar atá faoi láthair nach bhfuil fad stoptha ná fad scoite ar fáil atá leordhóthanach ar chor ar bith maidir leis na huasteorainneacha luais atá ceadaithe ar feadh chuid mhór den bhealach.
Is minic acomhal na mbóithre áitiúla le bóthar an N17 mar atá ar chaighdeán íseal maidir le leithead an bhealaigh, an leagan amach agus na réimsí feiceála ag feithiclí ar an mbóthar mór agus ar an mbóthar beag chomh maith. Tá deacrachtaí sábháilteachta ag baint le líon mór na n-acomhal bóithre agus na mbealaí príobháideacha isteach is amach ar réimsí faoin tuath de bhóthar an N17. Géaraítear leis na fadhbanna le hilchineálacht na tráchta, le meascán d'fheithiclí malla agus d'fheithiclí ardluais agus is casta arís an cás mar gheall nach bhfuil go ginearálta an trasghearradh ar chaighdeán sách maith.
Is é bóthar an N17 an phríomhshráid trí Bhaile an Mhuilinn agus téann isteach is amach le 9,300 in aghaidh an lae an bealach, níos mó ná 400 feithiclí earraí troma ina measc. Tarlaíonn dá bharr sin iomrall de chineálacha éagsúla idir trácht áitiúil agus trácht náisiúnta tríd an gceantar, nó idir trácht coisithe agus trácht feithiclí. Meastar go mbeidh líon na bhfeithiclí earraí troma suas le c. 680 feithicil faoi bhliain deartha 2039 agus líon na bhfeithiclí éadroma thart ar 10,650.
Tá ocht gcinn de phríomhacomhail de réir gráid le córas na mbóithre áitiúla ar feadh bhóthar an N17 mar atá, cúig cinn acu sin faoin tuath agus na trí cinn eile suite i gcrios luasteorainn 80km/uair. Tá cuid mhór de na hacomhail sin nach bhfuil de réir caighdeáin maidir le hailíniú agus/nó leagan amach geoiméadrachta.
Chomh maith le hacomhail na mbóithre poiblí, tá seasca agus a ceathair (64) bealach isteach chuig teach nó garaí le bóthar an N17 ar feadh an réimse atá faoi chaibidil. Is féidir gach ceann acu sin a áireamh mar phointe lena mbainfeadh baol ó thaobh sábháilteachta agus is bac suntasach sin maidir le húsáid an bhóthair mar atá.
Tiocfaidh de thoradh ar an bhforbairt bheartaithe a dhéanamh ar an mbóthar go dtiocfaidh ísliú suntasach ar líon na dtionóiscí bóthair.
Cur Síos Ginearálta ar an bhForbairt a Bheartaítear
Tugtar san áireamh leis na príomhghnéithe a bhaineann leis an bhforbairt bheartaithe:
- 3.0km d'fhorfheabhsú ar an bpríomhlíne;
- 1.20km de bhóithre feirme/áise;
- 0.7km d'fhorfheabhsú ar bhóithre áitiúla;
- 3.8km measta de bhealach coisíochta/rothaíochta;
- Sconsaí, Obair Draenála agus Dreach-chóiriú;
- Bearta Maolúcháin maidir leis an Timpeallacht;
- Obair maidir le Gnéithe Fóntais agus Seirbhíse a chur ar athshlí;
- Cuirfear soilse poiblí ar fáil leis an mbealach coisíochta/rothaíochta beartaithe sa réimse Foirgníochta ó Stór an N17 i dtreo Bhaile an Mhuilinn go dtagtar chomh fada leis na soilse poiblí atá ar fáil cheana féin;
- Oibreacha Cóiríochta; agus Oibreacha Coimhdeacha eile.
Cinneadh Cead Pleanála ón mBord Pleanála
Ordú Deimhnithe CPO – 01/06/2022
Tuarascáil ar Oidhreacht Seandálaíochta agus Ailtireachta
Tuarascáil Scagtha le haghaidh Measúnacht Chuí
Ordú ón bPríomhfheidhmeannach do Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí an N17
Tuarascáil Scagtha le haghaidh Measúnacht Tionchair Timpeallachta
Ordú ón bPríomhfheidhmeannach maidir le Scagadh le haghaidh MTT an N17
Tuarascáil Scagtha le haghaidh Measúnacht Timpeallachta Éiceolaíochta
Plean Rialaithe Achoimre maidir le Creimeadh agus Éilliú
Tuarascáil le haghaidh Measúnacht Tionchair Hidreolaíochta
Plean maidir le Bainistíocht Chomhshaoil ar Thógáil
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte